Scoil: Cróibh (uimhir rolla 14566)
- Suíomh:
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Choilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cróibh
- XML Leathanach 154
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí triúr dearbhráthair ann fad ó shoin, beirt aca saidhbhir agus bhí an fear eile bocht.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bhealaigh mhóir thoisigh an fear a bhí sa chórtha gur cheol sé an t-amhrán a bhfearr a bhí fhios aige. Nuair a tháinig fear na caorach fhad leis an chora d’fiafruigh sé do’n fear cad chuige a rabh sé ag gabháil cheoil istuigh san chórtha. Dubhairt sé go rabh sé ag gabháil ‘na bhflaitheas agus gur shíl go gceolfadh sé an t-amhrán seo sul a dtéidheadh Dubhairt fear na caorach gur thruagh nach rabh seisean istuigh i n’áit acht má bhí sé sásta é a leigean isteach go dtabhradh sé na caoirigh dó. D’iarr an fear a bhí istuigh na rópaí a sgaoileadh. Annsin tháinig sé amach agus chuaidh an fear eile isteach, agus cheangal sé na rópaí arais. Bhog sé leis, leis na caoirigh agus nuair a bhí sé ag amharc, rath an bheirt a bhí i gcúl an chlaidhe gur chaith siad an córtha amach san loch agus d’imthigh siad a bhaile. Shíl siad go rabh an dearbhrathair báithte aca acht ní rabh. Lá thar na bharach nuair a d’éirigh siad, bhí an baile geal le caoirigh agus an fear é fhéin dá gcunntas ar eagla go n-imtheochadh ceann ar bith air. Chuaidh fear aca fhad leis agus d’fiafruigh sé cé’n áit a bhfuair sé na caoirigh. Dubhairt seisean nach rabh ins an loch úd acht caoirigh uilig agus dá bhághadh seisean cuidiughadh mar chuidiughadh siadsan le chéile nach gcoinneochadh an baile an méid caorach a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Ua Canainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Baoighill
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Churraoin, Co. Dhún na nGall