School: Cróibh (roll number 14566)
- Location:
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Máire Ní Choilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cróibh
- XML Page 153
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí triúr dearbhráthair ann fad ó shoin, beirt aca saidhbhir agus bhí an fear eile bocht.”
(continued from previous page)Agus thuit ocht bpíosa leath-choroinn amach as, agus chuir sé i na phóca iad. Thug fear a’ t-siopa an £200 dó air agus thug sé aghaidh ar an bhaile.
Ar a bhealach casadh fear air agus dhá bhó óga leis. Cheannuigh sé na ba agus thug sé a aghaidh ar an bhaile. Casadh a dhearbhrathair air agus d’fiafruigh sé dó cá bfuair sé na ba. Dubhairt seiséan go bfuair sé £200 ar an chraiceann agus gur cheannuigh sé na ba ar chuid de’n airgead. Acht ní chreidfeadh sé an sgéal gur thaisbean sé an fuighleach dó agus annsin chreid sé é. D’iarr sé orthasan an dá bhó dhéag a mharbhuigheadh agus go bhfuigheadh siad £200 ar gach croiceann. Mharbhuigh siad na ba acht ní bhfuigheadh siad ar gach croiceann acht cúig scillne. Bhí fearg mhór ortha leis an fhear bhocht agus rinne siad suas eatorra fhéin go mbáithfeadh siad é. Bhí córtha mór aca a bhí ag na máthair agus chuir siad isteach san chórtha é. Cheangal siad an córtha le rópaí cráibe agus thug siad leobhtha é go gcaithfeadh siad amach i loch é a bhí comhgarach de’n bhealach mhór. Chonnaic siad fear ag tarraingt ortha agus fá thuairim trí chéad caoirigh leis. Bhí eagla ortha go bhfeiceadh an fear iad agus go gcruthochadh sé ortha go bhfacaidh sé iad. D’fhág siad an córtha ar thaobh an bhealaigh mhóir agus rith siad fhéin i gcúl claidhe i bhfolach.
Nuair a fágadh an córtha ar thaoibh an(continues on next page)- Collector
- Seosamh Ua Canainn
- Gender
- Male
- Address
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Seán Ó Baoighill
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Churraoin, Co. Dhún na nGall