Scoil: Cróibh (uimhir rolla 14566)
- Suíomh:
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Choilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a tháinig an tráthnóna dubhairt sé le na mhathair go rachadh sé na chnoc anocht arais. Chros a mháthair air gan a ghabhail na chnuic níos mó indeoin go rabh luthgháir mhór uirthi nuair a chonnaic sí an cailín deas a bhí leis ‘un na bhaile chuicí. Ní rabh gar a bheith dá chrosadh air, dubhairt sé go mbéadh cluiche eile aige le fear an chnuic agus d’imthigh sé.
I dtrátha an áit chéadna thainig an fear roimhe. Tharraing sé an tábla trasna an bhealaigh mhóir roimhe agus paca cárdaí aige. “A ghasúir, an mbéidh cluiche agat”? “Is Cuma liom”, ars an gasúr. D’imir siad an cluiche agus bhain an rí an cluiche. “Sé mó shealsa anois, ars an rí caithfidh mise trí bhraon d’en uisge atá ins an tobar atá ins an domhan thiar fhághail, an chlaideamh soluis atá ins an domhan thoir, agus an capall glas a marbadh ins an domhan lár. Agus le sin d’imthigh sé agus dfág sé an gasúr bocht. Chuaidh sé a bhaile go brónach an oidhche seo agus d’innis do na mháthair caidé d’éirigh dó. “Anois”, ars an mháthair nar dhubhairt mé leat go gcuirfeadh fear an chnuic an cluiche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomas Ua Duibhidhir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ua Lamhna
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall