Scoil: Cróibh (uimhir rolla 14566)
- Suíomh:
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Choilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chailleach arais”. Chuaidh sé agus d’innis sé díthe caidé déirigh dó. Árs’ an t-sean chailleach leis, “tá na cúig chéad bean aige acht na glac thusa aon ceann. Abair leis go bhfuil siad seo uilig ró mhaith agatsa. Dheanaid mise cúis leis an bhean atá thíos ins an tsoilear agat a bhfuil ceann muice uirthí”. Go moch ar maidin bhí an gasúr ar a thriall go toigh an riogh. Bhí an stafóg leis, bhuail sé buille ar an charraic, agus leigeadh isteach é. Bheannuigh an Rí do agus rinne an gasúr mar an ionann. “Seo dhuit anois do reid rogha de na cailíní ars’an ríogh. Bhí sé tamall maith ag stanadh ortha agus dubhairt sé fá dheireadh leis an rí. “Tá siad seo uilig ró dheas agamsa, dheanfaidh mé cúis leis an chaílín atá thios ins an tsoilear a bhfuil ceann muice uirthí. Maith go leor arsa an ríogh, bíodh sí agat. Thug an gasúr leis í agus nuair a thug sé amach faoi an spéir í thuit an ceann muice díthe agat ba í an cailín a ba deise í dar shoillsigh an ghrian ariamh uirthí. Faoi gheasaibh a bhí sí ag an rígh. Thug an gasúr leis na bhaile fhad le na mháthair í.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomas Ua Duibhidhir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ua Lamhna
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall