Scoil: Cróibh (uimhir rolla 14566)
- Suíomh:
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Choilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an chlibistín atá thíos ins an tsoileár agat”. “Maith go leór”, ars an Rí bíod sé agat. Thug an gasúr leis é agus comh luat agus thug sé amach é faoi an speir é thuit na clibíní de. Chuaidh sé ar a bhun agus ní fada go rabh sé sá bhaile ag a mháthair.
Nuair a tháinig an tráthnóna dubhairt sé le na mháthair go rachadh sé na chnuic anocht arais. Ó! na gab ars’ an mháthair, nó cuirfidh an fear atá san chnoc an cluithe deireannach ort gho fóill. Acht ní rabh gar a chrosadh air, dubhairt sé go mbéadh cluithe eile aige, agus d’imthigh sé. San áit chéadna tháinig an fear roimhe arais. Tharraing sé an tábla trasna an bhealaigh mhóir roimhe, agus dubhairt sé “an mbéidh cluithe agat”. “Is cuma liom”, ars’ an gasúr d’imir siad an cluithe agus bain an gasúr é. “Féadann tú a bheith ag dul a bhaile anois, tá mé mo mhaighistir ar chúig chéad caílín, bhéarfaidh mé do rogha de na cúig chéad duit”. Ar a theacht a bhaile dó d’innis sé da mháthair caidé d’éirigh dó. “Tá sin maith go leór”, ars’ an mháthair leis, acht caidé mar tá fhios agatsa bean a phiocadh”. “Rachaidh mé ‘un comhrádh leis an t-sean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomas Ua Duibhidhir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ua Lamhna
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall