Scoil: Cróibh (uimhir rolla 14566)
- Suíomh:
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Choilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá sé faoi gheasaibh aige agus sé an ceann is fearr aca é. Nuair a bhearaidh tú amach faoi an spéir é tuitfidh na clibíní de. Tá sin aige maith go leór, ars an gasúr acht caidé an dóigh bhfuigh mé amach cá bhfuil se na chomhnuidheag bun an chnuic fá thuairm deic mhíle ó’n áit ar casadh ort é. Seo stafóg duit agus tabhair leat í. Siubhal leat go bréagh dána agus na h-amharc do dhiaidh.
Agus ní h-eagal duit a dhul ar seachrán agusm nuair a thiocfas tú go bun an chnuic tchífidh tú cupla tom deas ag fás, gabh suas fhad leis an charraic a bhfuil na tomacha ag fás, buail leis an stafóg í agus leigthear isteach thú.
Thug an gasúr buidheachas dó’n t-sean chailleach agus chuaidh sé abhaile. Go moch ar maidin d’imthigh sé fhad leis an charraic. Níor bhfada go dtainig sé fad leis. Fosgladh an doras dó agus leigeadh isteach é. Bheannuigh an Rí dó agus rinne an gasur an rud chéadna. Thug sé é isteach ins an stabla i na rabh na beithigh; D’amharc an gasúr go ceann tamaill ar na beithigh agus dubhairt sé leis. “Tá siad seo ró mhaith agamsa, dheanfaidh mise cúis leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomas Ua Duibhidhir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ua Lamhna
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall