Scoil: Cróibh (uimhir rolla 14566)

Suíomh:
Cróibh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Choilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cróibh
  2. XML Leathanach 143
  3. XML “An Gasúr agus Rí Buí an Chnoic”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt sé go mbéadh cluithe eile aige leis. I dtráta an áit chéadhna tháinig an fear céadhna fhad leis agus tharraing sé an tábla trasna an bhealaigh mhóir roimhe. “A ghasúir, an mbéidh cluithe agat”? “Is Cuma liom”, ars’an gasúr. D’imir siad agus bhain an gasúr.
    “Féadann tú a bheith ag dul a bhaile anois”, ars an fear leis, “tá cúig chéad beathach agam agus bhéarfaidh mé dó rogha de na cúig chéad duit”. Ag dul na bhaile dó, D’innis sé dó na mháthair caidé déirigh dó. “Nar chros mé ort”, arsa sise “roinn ar bith a bheith agat leis, caidé dheánfaid tú anois”? “Níl fhios agam”, ars an gasúr mur ndeanfaidh cailleach na gcearc fios damh”. Chuaidh sé fhad leis an t-sean chailligh agus d’innis díthe caidé mar bhí. Rinne sí fios dó, agus dubhairt sí leis, “Mo thruaighe thú, is truagh a bhí aon roinn agat leis. Nó sin é an fear a dtugann siad Rí Buidhe an chnuic air. Athair – mór na ndiabhal uilig, agus tá sé a dhiaghbhail ort a bheith ar do choimhead na cuirfidh sé an cluithe deireannach ort. Tá na cúig chéad beathach aige gan amhras ar bith, acht na glac thusa aon cheann amháin aca. Abair leis go ndeánfaidh an clibistín atá thios ins an tsileár cúis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomas Ua Duibhidhir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cróibh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brian Ua Lamhna
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cróibh, Co. Dhún na nGall