Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bróg amháin. Chuaidh sé fhad leis an i stábla cheangal sé an chapall, chroch sé suas an claidheam agus bhain sé de an culaith agus chuir sé air a shean chulait féin.
Nuair a fuair inghean Rí hÉnri an brog dubhairt sí nach bposadh sí an fhear a coidhche acht an fear a d’oiréadh an bhrog do. Annsin chuaidh sí féin agus cupla cailin eile amach fríd an tír go b’feiceadh siad ce d’oiréad an bróg dó. Ins an déireadh thainic siad fhad le teach an t-sean lanamáin d’fiafruigh siad daobhta an rabh buachall ar bith as an teach seo ag an cruinniú. Dubhairt siad nach rabh annseo acht buachall bó agus nach rabh seisean aige dubhairt siad go bfanfadh siad go dtiocfad se. Nuair a thainic sé abhaile chuir sé an bróg air agus d’oir sé go maith dó.
Pósad iad annsin agus lá amáin tamall indiaidh sin bhí siad ag siubhal thart bruach na fairrge. Thainic an Maigdhean Mara asteach agus sgiob sí leithe an fear agus chuir sí suas ar a bois é. A inghean Rí hEnrí arsa sise an maise leat fear faghail, ní maise liom fear ar bith acht an fear a bhí agam arsa inghean an ri. Is nach bhfuil mise mo seabhac ars an fear go bfaghainn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Toireasa Nic Amlaoibh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ó Eighceartaigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall