Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bharach nuair d’eirigh an buachall dubhairt an t-sean lanamháin leis go rabh siad ag dul fad leis an cruinniú indiú arís. D’fiafruigh an buachall daobhtha an dtiocfad leis an dul dubhairt an t-sean lanamáin nach dtiocfadh go gcaitfhead sé na ba a choimhead. D’imtigh sé leis go dtí an choill leis na ba shiubal sé leis go dtí go dtainic sé go dtí an stábhla. Chuaidh sé asteach. Bhain sé de a culaith féin – chuir sé air an dara culaith thug sé leis an dara claidheam agus an dara capall agus d’imtigh leis go dtí an cruinniú. Casadh gasúr beag do ar imeall an cruinnigh thug sé an capall do le go dtiocfadh sé arais. Chuaidh sé asteach, ní rabh sé i bhfad go dtainic an Maighdean Mara asteach acht bhuail sé buille da chlaidheam uirthi agus d’imtigh sí amach arais. Thainic sé amach chuaidh sé suas ar an chapall agus d’imtigh leis mar bheadh an gaoth ann.
Ní rabh fhios ag aon dhuine cé’n áit a dteachaid sé no cé é féin. Chuaidh sé fhad leis an stábla cheangal sé an capall, croch sé suas an claidheam, bhain sé de an culaith agus chuir sé ar a shean chulaith fhéin. Nuair a thainic an tráthnóna chuaidh sé abhaile leis an t-eallach. Bhí an t-sean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Toireasa Nic Amlaoibh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ó Eighceartaigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall