Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)laimh an fataigh agus sgiob sé an cheann de agus chait sé ins an cheis é. “Tá mo cheis lán anois agus tá cead siubhal ag mo chuid eallaigh”. Chuaidh sé abhaile an tráthnóna sin leis an t-eallach agus níor mhothuig sé tearamain ar bhí ag teacht fan teach an oidhche sin.
Maidin an lá ar na bharach nuair d’eirigh sé dubhairt an t-sean lanamhain leis go rabh siad san ag dul go dtí cruinniú go rabh an Maigdean Mara le theacht asteach agus inghean Rí hEnrí a thabhairt leithe. D’fiafruigh an buachall daobhtha an dtiocfadh leis an dul dubhairt an tsean lanamháin nach dtiocfadh go gcaitfeadh sé na ba a choimheadh. D’imtigh sé leis go dtí an choill leis na ba chuaidh sé suas i gcrann tharraing sé amach fideog agus thosuig sé ag seinm ar. Nuair a bhí sé tamall suas agus nuair a chonnaic sé nach rabh fatach ar bith ag teacht thainic sé anuas. Siubhail sé leis fríd an choill go dtainic sé fadh le stábla. Chuaidh sé asteach. Bhí trí chulaith cadaigh, trí chapall, agus trí claidheam. Bhain sé de a shean culaith féin chuir sé ar culaith, thug sé leis ceann de na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Toireasa Nic Amlaoibh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ó Eighceartaigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall