Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)suas aca. Indhiaidh na Fidileoirí agus iad ag siubhal le chéile bhíodh athair an Ghrúim agus athair na Bhrídeóige (mar beo iad), indhiadh sin an an Bhrídeóg agus a Best-man, indiaidh sin an Grúim agus an Best-maid agus annsin lucht na bainse uilig in a gcúplac.
Corr uair caithfea gáire a dheánadh nuair a t cifea cúpla nach rabh teacht le chéile, bhfeidir go mbíodh píolaidh mór fear ag siubhal le prósaidh beag bean na a h athrughadh sin.
Caitheadh siad annsin tamallt beag ar an bhaile mór i dtoigh táibhirne ag rinnce agus ag gabhail cheoil. Bhainfeadh siad teach na bainse amach annsin, áit a rabh a sáith de gach cineal ag fanacht orthú.
Chualaidh mé Franc Ua Coilin as Druimna Funoigh le a rádh go rabh bainis ar an bhaile sin, tuairim [cuthre?] seár bliadhanta ó shoin agus siad an lánamhain a pósadh Harry Mác Seághain agus Sorcha Ní Coilín. Bál : bhí oiread daoine ar an bhainis sin, go dtearnadh tuirtiní árais ó sheacht gceádmeádhcaint mine coirce. Bhí morc mór teineadh deánta aca amuigh ar árdan i naice an toighe agus na tuirtíné thart fa dtaoibh dí ag cruadhughadh ba í an bhainis ba mhó a bhí annseo ariamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eighneachan Ua Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)