Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 338

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 338

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 338
  3. XML “Féilí na Bliana - Céadaoin na Luaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    b’feidir go mbíonn achan rud thart i dteach an phobail.
    Roimhe seo ní chuirfeadh bean braon uisge ar a h-éadan agus ní chuirfeadh sí cíor in a ghruaig acht í sínte síos léithé ‘na slaodaibh go dtí go dtiocfad sí arais ó theach an phobail.
    Sé an fáth a bhí le seo - An chéad Aoine Chéasta nuair a chualaidh an Mhaighdean Mhuire gur beireadh ar Íosa agus gur daoradh chun báis É ní rabh faill aicí dadai a dheanádh acht a clóca a chur fa na ceann agus amach léithí in aireis a Mhic mhúirneach.
    Mar i g-ceadna chuireadh na mná annseo clócha na falaing suas ar a g-cinn agus amach leo toighe dé gan chóiriughadh ar bith a thabhairt orthú fhéin.
    Is cuimhneach liom féin fa thuairim dá fichid bliadhan ó shoin nuair a bhíodh an saghart ag deanadh seanmóra ar Chéasadh Chríost, ní chluinfea é le caoineadh bán agus téifea deara i súlaibh na bhfear fosta. Ba mhaith an seanmóir anois a bhainfeadh och! ua na cailínibh atá ann.
    Domhnach Cásg. Bíonn féastai ag na páistibh an la seo amuigh ins na cuibhrinn. Bruitheann siad uibheacha agus bheir siad amach leo iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Céadaoin an Luaithrigh (~39)
    Teanga
    Gaeilge