Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 332
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’innis Jamíe damh gur ó liathdruim a thainic siad an ehéad uair.
Jamíe Reilly
B’as Conndae Cabhain Jamíe. Bhí dúil aige san ól agus sin an rud a [churfa?] ar seachran é. Bhíodh sé i g-comhnuidhe thart annseo ag gabáil cheoil ó dhoras go doras . Amhrain fa Home Rule agus an Land League uilig a bhi aige. Bhí ceann aige fa Ua Domhnaill a mharbhuigh Carey ar an Luing a bhí ag dul go Capetown. Ní rabh Gaedhilg ar bith aige.
Pádraic Mór
B’as Teidhlinn Pádraic. Ní rabh béarla ar bith aige-sean. Fear mór ábalta, féitheogach a bhí ann. Bhíodh cliabh aige ar a dhruim agus mála in a láimh ag dul thart dó a cruinniughadh déirec. Gheibheadh sé preátai agus plúr agus nuair a bhíodh an cliabh agus an mála lán, díoladh sé an méid a bhfuair sé.
Bhí guth garbh borb aige agus nuair a chuirfeadh gasroidhe corruighíl air, cluinfea é cúig míle ar shiubhal. Ní rabh agat acht a seairtigh leis “Airgead sa Bainc” agus bhí go leor annsin. Bhí eagla air i dtólamh roimh chogadh, agus sé an chéad rud a bhéadh in a bhéal aige ag teacht asteach ‘un toighe dó. “Ar chuala sibh go rabh an cogadh ag teacht”?(leanann ar an chéad leathanach eile)