Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 326
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seal bliadhanta o soin. Lá soinneach goimheamhail san Earrach a bhí ann, an ghaoth a dtuaidh agus é comh geas go bhfeannadh sí préachais. Thainic bidh isteach le lucth éisg. Shonnsuigh mé feas amháin sa bhádh ní rabh cóta na casóg air a bhrollach sgaoilte aige agus gan ais acht léinidh amháin agus ní rabh cosamhaileacht air go rabh sé suas. Ca bhfuil an feas anois a mbéadh beo agus a léitheid sin a dheánadh?
Am an droch shaoghail a bhí ann. Bhí bean sa parroiste seo agus bhí páiste beag aicí a thóg an Fiabhras. Tugadh an páisic síos na nGleanntach go dtí an otharlann i dteach na mbocht, (tA na Gleanntac níos mo na fiche mile ó seo). Fuair an páiste bás. Ní rabh an phíghinis ruadh ag an mhathair a bheirfeadh an corp ‘na bhaile agus ba bhocht leíthí leiginn do’n paiste a béith curtha shíos. Shiubhail sí síos ‘na nGleanntach agus d’iomchair corp an pháiste ar a druim, aníos go tdí an tsean roilig i Gcill Cartha, agus d’adhlac le na bunadh féin é.
Ca bhfuil an bhean a deánfadh sin anois?