Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 246
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear ann fadho shoin agus bhí triúr mac aige. Rinne se teach fa choinne é féin agus a triúr mac.

    Bhí fear ann fado shoin agus bhí triúr mac aige. Rinne se teach fa choinne é féin agus a triúr mhac. Thoisigh sé ag tógáil toighe nua bhí fáthach in aice an fhir seo. Micheál a bhí air. Bhí dhá mhic ag an fháthach agus bhí triúr mhic ag Micheal. An giota a bhéad deánta ag Micheál agus a gcuid mhic tiocfadh an fáthach agus a dhá mhac agus leagfadh siad go talamh é, lá amháin bhi Micheál ins an chnoc, Chonnaic sé gasur na chodhladh i lug beag bhí cliabh beag i láimh amháin bhí sé sgríobhtha ar an cliabh. Tá mé ábalta fiche duine a mharbhadh le buille amháin. Éirigh arsa Micheál leis Déirigh sé, Dinnis Micheál do fa’n fáthach, Dubhairt Micheál go dtabhradh seisean cúig púnta do da mairbhfead se an fháthach. Maith go leor arsan gasúr. An oidhche sin tháinig an fáthach agus a dha mhac agus thoisigh siad a leagaint an toighe. Connaic an gasúr iad agus tháinig sé anall. Fuair an gasúr clocha beaga agus thoisigh se ga chaitheamh ar an fháthach. Saoil an fathach gur ceann de cuid mhic a bhí ag caitheamh na gcloch agus mharbh se ceann amháin aca. Thoisigh an gasúr ag caitheamh na gcloch arais. Ní rabh fhios ag an fháthach goide a bhí ag teacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus O Coilín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Mhín Bhuí, Co. Dhún na nGall