School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 243
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann fad ó shoin agus is fada ó bhí agus ní rabh aige acht é féin agus a mhac. Bhí siad iongantach bocht agus ní rabh dóigh ar bith acú le airgead a dheanamh acht ag deanamh poitin agus a dhíol.”
Bhí fear ann fad ó shoin agus is fada ó bhí agus ní rabh aige acht é fhéin agus a mhac bhí siad iongantach bocht agus ní rabh dóig ar bith acú le airgead a dheanamh acht ag deanamh poitin agus a dhíol. Amuigh ar na chnuic bhíod siad a dheanamh an poitin agus bhíod siad amuigh go mall san oidhche. Aon oidhche amhain tharla go rabh an bheirt acú ag dul go dtí an áit a rabh siad ag deanamh in poitin agus tharla go rabh siad ag gabhail thart le teach a rabh fear ag fagháil bháis ann agus bhí muinntear an tóighe ag guidhe thart fan leabaidh agus diarr siad ar an fear theacht isteach no go rabh fear marbh ann.
Dubhairt an fear a bhí ag gabhail thart go rabh sin olc go leor acht go rabh seisean ag gabhail go dtí an poitin agus go rabh deifir mhór air agus nach dtiocfadh leis ghabhail isteach. Siubhail sé leis trasna na gcnoc agus nuair a bhí siad fá ghiota de’n teach beag a rabh siad ag deanamh an poitin ann chualaidh sé an glór i neas daobhta. D’amharc siad thart ag tcí siad an madadh mór dubh na seasamh taobh thiar daobhtha Sgannruigh siad nuair a chonnaic siad an madadh agus tháinig níos mo eagla ortha nuair a chualaidh siad an madadh ag cainnt i gcanamhain na ndaoine. Ní rabh ann acht é nar thuit siad i laige i gcionn tamall dimthigh an madadh i gceo.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghóill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall