Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 233

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 233

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 233
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé anonn go Meiriceá chuid daoine muinteara a bhí aige thall annsin.

    Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé anonn go Meiriceá chuig daoine muinteara a bhí aige thall annsin. Brian a bhí air. Lá amháin bhí amuigh ag siubhail agus casadh fear saidhbhir air agus d'fhiafruigh sé do caidé bhí a dhith air agus dubhairt Brian go rabh sé ag iarraidh oibre.
    Caidé'n cineál oibre a bá mait leat fhagail. Is cuma liom arsa Brian no tá mé láidir go leor le obair ar bith a dheanamh.
    Anois arsan fear saidhbhir tá mé ag deanamh teach úr agus an méid a gnidheann na saoir cloiche sa lá bíonn sé leagtha san oidhche agus bheirfidh mé dhá chéad phunt do dhuine ar bith a cuirfeas ar shiubhail an taidhbhse atá ann.
    Dubhairt Brian go ndeanfadh sé sin agus míle fáilte no nach rabh eagla air roimh taidhbhse ar bith. Nuair a tháinig an oidhche shuidh sé an ag coimhead.
    I dtrathaibh an mheadhon oidhche tháinig trúir de fhearaibh isteach agus thoisigh siad ar an teach gur leag siad é. Annsin thug Brian leis cloch beag agus bhuail sé ceann acú i gcúl na cluaise agus shaoil sé gurab é an fear eile a rinne é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghóill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall