Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl oiread ainmhidhthe annseo anois agus bhí fad ó soin. Tá an chapall, an bó, agus an t-asál ann. Tá ba, capall, agus asál ag cuid de na daoine agus níl ag an cuid eile acht ba. Bíonn na ba amuigh ins an t-Samhradh ag ithe fhéir ins na páirceanna agus nuair a thigeas an tráthnóna cuireann na daoine isteach na ba atá le bligheadh agus fágann cuid de na daoine na ba tirm amuigh lá agus oidhche. Cuireann cuid eile de na daoine na ba uilig isteach. Bíonn na ba ceangailte le ropaí thart ar an muineál nó amannaí thart ar na h-adharca fosda. Cuirtear easair faoi na ba san oidhche - sean - cochán nó sean - luachair agus bíonn greabhar mónadh fuatha go minic fosda. Boitheach an t-ainm atá ar an teach atá na ba ann agus tá áit ag gach bó dithe féin ann.
    Tá chapall agus asál ag cuid de na daoine agus bíonn siad ceangailte in aice le chéile go minic agus stábla an t-ainm atá ar an teach a mbíonn siad sin ann. Tá capall an úsaideach agus thig leis an mhóin uilig a thabhairt abhaile ó’n phortach agus an leas uilig a chur amach ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seaghán Ó hEigheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall