Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 214
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí lanamhain na comhnuidhe fad ó shoin síós ar Pointe Damhras. Liam Ó Bhaoighill an t-ainm a bhí air, agus Úna an t-ainm a bhí ar a bhean.”
Bhí lanamhain na comhnuidhe fad ó shoin síos ar Pointe Damhras. Liam Ó Bhaoighill an t-ainm a bhí air, agus Úna an t-ainm a bhí ar a bhean. Bhí an teach a bhí aca an fhada amuigh ar an bPointe, agus ní rabh teach ar bith eile comhgarach do. Bhí an lanamhain seo an diaganta. Bá gnach le Úna gach bliadhain a gabháil go loch Dearg agus an turas a shiubhail díthe féin agus do Liam Agus nuair a tháinig an t-am ins an Samhradh le gabhail, dimthigh Úna go loch Dearg. Ní rabh traen ar bith ins an am sin. Agus bhíodh sí coicthigis go dtioc fadh sí arais. D’éirigh Liam an maidín seo chomh luath agus d’imthigh Úna, agus bhleagh sé an bhó, agus rinn sé gach eile rud f’an teach. Agus annsin d’imthigh sé síos ag iasgaireacht. Ní rabh sé i bhfad ar an chloich a bhí sé na sheasamh air, go bhfaca sé fear na shuidhe ar carraic eile ag na thaobh. Bhí cuma ionganach ar an fhear seo. Bhí corp mór cruinn air, agus bhí na lámh fada tanaidh. Bhí a cheann beag le súile móra an fhada amach sa cheann. Shíl Liam go rabh sé cosamháil le frog mhór. Bhfuil tú ga maith indiu a Liam arsan fear. Caidén dóigh a bhfuil aithne agat ormsa arsa Liam. Ní fhaca tú mise ariamh. Chonnaic mé thú go minic arsan fear. Tá mo theach shíos faoi an fhairrge, faoi an chloch a bhfuil tú do sheasamh air. Síleann tú gur páiste mé le sin a chreidbheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Ó Cuirín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall