Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 211

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 211

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 211
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé amach ag iarraidh oibre. Sa deireadh rinne sé fastughadh le sgológ.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Rinne sé sin no bhí eagla air roimh an ghunna Annsin thug sé leis an eallach agus d’imthigh sé leis.
    Níor bhfada chuaidh sé gur chasadh air an sgológ agus d’innis sé do go bhfuair sé roimh an eallach ag Baile-Na-gCreach. Agus annsin shíl an sgológ i mhór den bhuachaill acht dubhairt an bhuachaill go rabh sé ag imtheacht. Rinne an sgológ a dhicheall le é a choineaill acht ní rabh gan ann Dubhairt an sgológ dá bhfanochadh sé gach rud a bhfuigheadh sé fhéin go dtabharfadh sé a leath dó san.
    Maith go leor arsan buachaill fanochaidh mé agat Chuaidh siad giota eile agus chuaidh an sgológ isteach i dteach fá choinne deoch.
    Anois arsan buachaill nuair a tháinig sé amach fuair tú deoch agus níor thug tú a leath domhsa slán agat anois nuair a chonnaic an sgológ go rabh sé ag imtheacht d’fiafruigh sé do cé’n uair a mbéidh sé arais Ní feichid tú mise arsan buachaill go dtí la h-eag na dtéag.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghoill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Eamonn O Breislin
    Inscne
    Fireann