Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 206
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí Ministir 'na comhnuidhe ins na Cealla Beaga tá céad bliadhain ó shoin agus bhí buachall aimsire aige darbh ainm dó Micheál Dubh.”
Bhí Ministir 'na comhnuidhe ins na Cealla Beaga tá céad bliadhain ó shoin agus bhí buachall aimsire aige darbh ainm dó Micheál Dubh. Bhí triúr nó ceathrar de fearaibh eile ag an fhear seo fosda agus bhí siad ag cur suas ballaí dó.
Bhí trí cead punt ag an Mhinistir seo i mbanc i n-Doire agus ba mhaith leis é a fhághail le páighe a thabhairt dó na fir a bhí ag obair dó. Bhí sé a radh i gcomhnuidhe go rachad sé é féin a marcuidheacht agus bhí Micheál an buachall aimsire a radh gach lá go rachad seisean agus go dtabhairfead sé an t-airgead abhaile agus níos mo. Sa deireadh leig an Mhinistir dó Micheál gabhail fa choinne an astair agus thug an Mhinistir an chapall is feárr a bhí aige dó leis an astair a dhéanamh acht ní thabhairfeadh Micheál an chapall maith agus d’iarr sé ar an Mhinistir an chapall is measa a bhí aige a thabhairt dó nó bhí fhios aige go maith go raibh gaduidhe ann san am sin i n-áiteannaí uaigneacha ar an ród. Thug an Mhinisrir an chapall olc dó agus thoisigh sé ar an astair. Nuair a sroic sé Doire chuaidh sé isteach sa bhainc thug páipear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghán O hEigheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall