Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 204
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear na chomhnuidhe i mBaoigheallach aon uair amháin agus fear gálta a bhí ann. Bhí feirm mór aife agus ar an fheirm sin bhí sgalán - sin an áit a bhíodh ag an sagart leis an Aifrinn a léigheadh no ní rabh mórán toighthe pobail san tír an uair sin cos”
Bhí fear na chomhnuidhe i mBaoigheallach aon uair amháin agus fear gálta a bhí ann. Bhí feirm mór aige agus ar an fheirm sin bhí sgalán - sin an áit a bhíodh ag an sagart leis an Aifrinn a léigheadh no ní rabh mórán toighthe phobail san tír an uair sin cosamhail le mar tá anois.
Agus bhí dubh fhuath ag an fhear gálta seo don sagairt. Agus ba mhaith leis an sgalán a leagaint anuas. Bhí dhá bhuachaill aimsire aige bhí fear acú gálta agus bhí an fear eile gaedhealach lá amháin tháinig an fear gálta seo fhad le na chuid mbuachaill agus gheall sé go dtabharfadh sé cúig phunta do fhear ar bith acú a leagfadh an sgalán. D’fiafruigh sé don fhear gálta an leagfadh sé é agus dubhairt sé nach leagfadh. Annsin d’fhiafruigh sé don fear gaedhealach an leagfadh sé é agus dubhairt sé go leagfadh agus d’imthigh sé leis agus leag sé an sgalán agus shaothruig sé na cúig phunta. Gadhra a b’ainm don bhuachaill a leag é.
Nuair a chualaidh an sagart caidé rinneadh tháinig sé go dtí an teach ann a rabh an fear gálta na chomhnuidhe agus d’fhiafruigh sé don bhuachaill gálta an é a leag é agus dubhairt sé narb é agus a annsin d’fhiafruigh sé don bhuachaill gaedhealach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghóill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall