Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 200

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 200
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear ar an bhaile seo aon uair amháin agus bhí sé ag déanamh poitin.

    Bhí fear ar an bhaile seo aon uair amháin agus bhí sé ag deánamh poitin. Amuigh sa chnoc a bhí sé ghá deánamh. Bhí sé amuigh oidhche amháin ag deánamh an poitin agus bhí an oidhche an dorcha agus bhí sé ag fanacht no go n-éireochadh an gealach go rachadh sé abhaile. Nuair a déirigh an ghealach thug sé leis canna poitin agus sín leis ag tarraingt ar a bhaile.
    Ní dheachaidh sé ibhfad no go gcuala sé an ceol shuas sa chnoc. Damharc sé suas agus chonnaic sé an fear ag siubhail anonn is anall sa chnoc Shíl an fear a bhí ag dheánamh an poitin gur fear de na comharsannaí a bhí ag magadh air agus sgairt sé air theacht anuas Tháinig an eagla air annsin nuair a chonnaic sé an rud ag teacht anuas agus ceann reithe air
    Cuaidh an rud go dtí an chlaidhe agus shait sé a gcuid adharc ins an chlaidhe agus briseadh ceann acú leig sé uaill brónach as féin annsin agus d’imthigh sé agus a cheann san aer aige. Chuaidh sé sios go dtí an abhann agus léim sé isteach ann Annsin tháinih sé aníos ón abhann arais.
    Annsin d’ól an fear deoch as an poitin agus chaith sé indiaidh an taidhbhse é agus ó sin amach bhí sé ag gabháil roimhe agus na dhiaidh (sin amach bhí sé ag gabhail) go rabh sé sa bhaile agus nuair a bhain sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghóill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall