Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 197

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 197

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 197
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear ann fad ó shoin agus is fad ó bhí. Fear an saidhbhir a bhí ann bhí sé comh saidhbhir agus nach rabh fhios aige caidé a shaidhbhris.

    Bhí fear ann fad ó shoin agus is fada ó bhí. Fear an saidhbhir a bhí ann bhí sé comh saidhbhir agus nach rabh fhios aige caidé a shaidhbhris. Bhí a bhean marbh le seal tamall roimhe sin. Ní rabh aige acht sé fhéin agus nighean amháin.
    Lá amháin tháinig buachaill óg go dtí an teach ar lorg an cailín le pósadh. Tháinig fearg mhór ar an athair annsin cionnus go dtáinig an buachall seo ar lorg a nhighean agus dubhairt sé go dtabharfadh sé don diabhal í níos luaithe no thabharfadh sé dó san í. D’imthigh an buachaill óg leis go h-an cráidhte cionnus nach bhfuair sé an cailín saidhbhir le pósadh.
    Lá amháin seal tamall na dhiaidh tháinig gasúr eile go dtí an teach ar lorg an cailín le pósadh. Bhí culaith air a bfhíor deise dá bhfacthas súil ariamh. Agus d’iarr sé an cailín le pósadh. Dubhairt an t-athair go bhfuigheadh agus míle fáilte. Do pósadh iad tamall na dhiaidh sin agus bhí siad na chomhnuidhe le chéile.
    Níor bhfada gur tugadh fa dear go rabh cos ádhmuid air. Tamall na dhiaidh sin thgadh fa dear go rabh súil gloinne aige.
    Annsin cuireadh fá dhein an t-fagart tháinig sé agus d’innis sé don t-athair gurab é an diabhal a bhí ann agus nar cheart do an ghasúr a tháinig roimhe sin a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghóill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall