Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh an t-athair na bhaile agus dinnis dó a bhean an sgéal o tús go deireadh. Bhí brón mór ar an mháthair nuair a chualaidh sí gur díoadh Tomás na h-ordóige acht ní raibh gár ann anois bhí an margadh deánta.
Siubhail Tomás agus na gaduidhe leo ar feabh tamall maith nó go dtí sa deireadh gur éirge Tomás an tuirseach ar fad. Chuir ceann de na gaduidhe é ar a hata agus diamchur é píosa maith. I gchionn tamall eile dubhairt Tomáis gur bfhearr leis a bheith ag siubhaill. Thóg an gaduidhe anuas ar an talamh é. Shiubhail siad píosa maith eile. Sa deireadh chonnaic Tomás giota mór d’adhmuid ar taobh an bhealaigh mhóir agus é pollta uilig leis na luchágaibh móra. Rith Tomás isteach i ceann de na puill seo i nganfios dó na gaduidhe. Sa deireadh damharc na gaduidhe thart agus ní raibh Tomás le feiceail aca áit ar bith. Bhí buaidhreadh mór ortha cionnus gur chaill siad Tomás na h-ordóige nó bhí siad le gabháil a sladadh teach an oidhche sin. Shiubhail siad leo no go raibh siad fá cupla ceád slat san bhailemhóir. Luigh siad i bfholach annsin nó go mbeadh an meadhon oidhche ann. Toisigh siad ag cainnt ar Tomás na h-ordóige.
Ní bhfuighfidhe é go beo arsa fear acu.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghan Iosep Mac Seagháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Caiseal Charna, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias O Coilín
- Inscne
- Fireann