Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 189
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí triúr dearbhráthair ann aon uair amháin agus thoisigh an fear a b'óige a goid uibheacha ón bheirt eile agus ba é an deireadh a bhí ann gur aithin an bheirt eile é agus chuir siad amach as an teach é.”
(ar lean ón leathanach roimhe)suas leis an fhuinneoig é.
Damharc an sgológ amach agus chonnaic se an fear na sheasamh ag an fhuinneoig agus shíl sé gurab é an gaduidhe a bhí ann agus fuair sé a ghunna agus thuit an fear marbh. Shíl an sgológ go rabh an gaduidhe mharbh agus léim sé amach as an leabaidh agus thug sé leis an fhear a bhí marbh no níor mhaith leis duine ar bith é a fheiceáil.
Bhí an gaduidhe ag éisteacht ag an doras cúl agus nuair a fuair sé an (gaduidhe) sgológ ar siubhail tháinig sé isteach agus isteach sa leabaidh leis. Shíl an bhean gur a fhear fein a bhí ann agus bhí an fear ag iarraid ar an bhean luighe isteach giota go rabh sé iongantach fuar agus do réir mar bhí sí ag luighe isteach bhí an gaduidhe ag tarraingt an braithlin chuige. Agus nuair a bhí an braithlin a (bhí) tháinig an sgológ abhaile d’innis an bhean do fan fear a bhí astuigh agus nuair a d’amharc sé faoi ní rabh an braithlín ann.
Ar maidín lá thar na bharach thainig an gaduidhe agus an braithlín leis.
Bhí iongantas mhór ar an sgológ annsin. Dubhairt an gaduidhe annsin gur mharbh seisean fear. Agus arsa sgológ leis an gaduidhe muna ndeinnsin tu bhéarfaidh mé an fherm agus dhá chéad punta duit agus sé an fherm agus dhá céad punta don sgológ(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghóill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádruig O Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cullion, Co. Dhún na nGall