Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 188
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí triúr dearbhráthair ann aon uair amháin agus thoisigh an fear a b'óige a goid uibheacha ón bheirt eile agus ba é an deireadh a bhí ann gur aithin an bheirt eile é agus chuir siad amach as an teach é.”
(ar lean ón leathanach roimhe)mhac agus iad ag treabhadh leis an capall.
Dimthigh seisean go dtí an chnoc agus do ghearr se na cosa de trí coinín agus tháinig sé go dtí an áit a rabh na fir ag obair agus chuir sé na coiníní ag rith suas an chnoc.
Dimthigh na buachaillí indiaidh na gcoinín agus annsin dubhairt an sgológ nach mbéadh sé ábalta an capall a thabhairt ó na chuid fear beirt ag marcuidheacht agus ceann eile coimhead.
Dimthigh an gaduidhe go dtí an siopa agus do cheannuigh sé buideal biotailte agus chuaidh sé isteach go cró na muice agus thoisigh sé ag bualadh na muice, chuaidh fear acú isteach go dtí an cró agus chonnaich sé an gaduidhe na luighe na gcodladh. Damharc sé in a phoca agus chonnaic sé an biotailte. Dinnis sé don bheirt eile, agus bhain siad amach an biotailte agus d’ól siad é agus nuair a bhí sé ólta acú thuit siad na gcodladh. Nuair a fuair an gaduidhe an chuid eile na gcodladh ní rabh seisean na chodladh agus chuaidh sé isteach go dtí an stábla agus thug sé leis an capall agus d’imthigh sé leis. Anois arsan shgológ béidh tú críochnuigh ma thig leat an bráithlín a goid atá fumsa agus mo bhean. Shíl an (l) fear nach dtiocfadh leis sin a dheanamh agus d’imthigh sé leis go dtí an uaigh agus thóg sé corp a cuireadh an lá sin agus thug sé leis é go dtí teach an sgológ agus d’fhág na sheasamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghóill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádruig O Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cullion, Co. Dhún na nGall