Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 187

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 187

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 187
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí triúr dearbhráthair ann aon uair amháin agus thoisigh an fear a b'óige a goid uibheacha ón bheirt eile agus ba é an deireadh a bhí ann gur aithin an bheirt eile é agus chuir siad amach as an teach é.

    Bhí triúr dearbhráthair ann aon uair amháin agus thoisigh an fear a b’óige a goid uibheacha ón bheirt eile agus ba é an deireadh a bhí ann gur aithin an bheirt eile é agus chuir siad amach as an teach é.
    Dimthigh seisean agus rinne sé fastughadh le sgológ Toisigh sé ag deanamh an rud céadna annsin Connaic an sgológ é agus dubhairt sé leis nach rabh sé ceart aige a bheith ag goid na n-uibheach. Dubhairt seisean go rabh sé ag iarraidh foghluim a bheith na gaduidhe Ní bheidh tú do gaduidhe a choidhce go mbéidh tú ábalta caora a goidh ó fear a bhí ag tiomaint na gcaorach. Dimthigh sé leis agus shiubhail sé roimh an fear. Bhain sé de ceann de a bhróga agus d’fhág sé ar an ród é Nuair a tháinig an fear a rabh an caora leis go dtí an bróg shil sé nach mbéadh maith ar bith san bróg amháin agus d’imthigh sé leis. Nuair a chuaidh an chéad fear giota beag eile bhain sé de an dara bhróg.
    Nuair a tháinig an fear eile go dtí an dara bhróg shíl sé gur mhór truagh nach dtug sé leis an bróg eile agus dimthigh sé leis go dtí an áith a rabh sé. annsin tháinig an fear eile agus thug sé leis an caora.
    Annsin dubhairt an sgológ nach mbéadh sé na gaduidhe go mbéadh sé ábalta capall a ghoid ó na dhá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghóill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádruig O Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cullion, Co. Dhún na nGall