Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 186
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Aon uair amháin bhí gasúr ann darbh ainm dó Éamonn Ó Dhomhnaill agus bhí dúil mór aige i gcaiple.”
(ar lean ón leathanach roimhe)gabhail trasna na h-abhanna acht plaine beag tanaidh. Nuair a tháinig sé fhad leis bhí eagla air a gabhail trasna ar an phlaine leis an ubh in a lámha ar eagla go dtuiteadh an ubh isteach san uisge. Sa deireadh rinne sé suas go gcaithead sé í trasna. Chuaidh sé godtí áit i bhfaca sé luachair ar an taobh eile agus chaith sé an ubh trasna na h-abhanna. An bhomaite a thuit sé ar an taobh eile léim gearrfhiadh amach as an áit a thuit an ubh agus rith sé suas le taobh an cnuic. Shíl Éamonn gur bé sin an chapall agus is go bráth leis ‘na dhiaidh acht ní raibh sé i bhfad go dteachaidh an chapall ág a shíl Éamonn a bhí ann as amharc.
Annsin chuaidh sé ‘un abhaile ag caoineadh agus dubhairt sé leis a h-athair gur imthigh an chapall ág ar siubhail agus níor imir duine ar bith cleasa ar Éamonn ó’n lá sin go dtí lá a bháis.- Bailitheoir
- Seaghan Ó hEigheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall