Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Sealbhuidhe | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 179

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

sé biseach bheannuigh sé an tobar agus rinne sé turas ann. Is ar an cúigeadh lá de Márta a rinne sé an turas agus bhí turas ann an lá céadna ariamh ó shoin. Leabaidh Ciaráin a dtugtar ar an chloich a luigh Ciaráin uirthe nuair a bhí sé tinn. Lá an turais nuair a (bhí se) bhíonn duine ag deánamh an turas tá aige luigh sa leabaidh ar feadh cupla bomaite. Tá altóir giota ó’n tobar fosda.
Tá se deánta de an clocha agus lá an turas má bhíonn cloch ar bith ar an talamh tógann na daoine a bhíonn ag deánamh an turas iad. Tá cupla carn cloch giota ó’n tobar agus téigheann gach duine thart gach carn trí h-uaire lá an turas. Tá an tobar annsin le cuimhne na daoine is aosta san áit.

Bailitheoir
Cáit Ní Eigheartaigh
Inscne
baineann
Aois
12
Seoladh
An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge