Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 177
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí teach mór ins na Cealla Beaga aon uair amháin agus bhí taidhbhse le feiceáil ann gach oidhche agus ní fhanochadh duine ar bith ann.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    tríomhadh fear aníos, thug siad amach liathróid mór agus thoisigh siad ag imirt agus nuair a bhí siad ag imirt ar feadh tamall d’iarr siad ar an fhear a bhí ag coimhead chuidigh leo agus do chuidigh. Dimir siad leo ar feadh an oidhche no go rabh speirthí an lae ann agus annsin d’imthigh an solus agus an teine agus sa bhomaite nocht an ghrian aníos as an fhairrge d’imthigh na fir mar tháinig siad. Chuaidh síos arais fríd an t-urlár.
    Suidh an fear san áit a rabh sé ar feadh tamall go bhfeicfeadh sé caidé bhí le theacht. I gcionn tamall tháinig an chéad fhear aníos arais agus ar seisean “is mé an fear a bhí na chomhnuidhe ins an teach seo, agus is iad seo mó dhá mhach” agus dá dtéightes thart an duthaigh uilig agus mó chuid féacha uilig a dhíol thiocfadh linne a ghabháil fé chomhnuidhe agus ní bhéidh sinn le feiceáil ó seo amach acht muna ndíolfadh tú é béidh mé féin agus mó dhá mhac le feiceáil annseo go deo. Annsin d’imthigh siad agus chuaidh an fear thart ó theach go teach no gur dhíol sé na féacha agus ón lá sin ní ba mhó ní rabh taidhbhse ar bith ins an teach sin.
    Annsin chuaidh an fear abhaile agus pósadh é agus an cailín saidhbhir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghóill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall