Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 173
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm do Séamus Bán agus lá amháin chuaidh sé isteach i siopa a raibh biotailte 'a dhíol ann.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Agus tharluigh an rud céadna (do) annsin.
Chuaidh siad isteach ins an treas siopa agus fuair siad an deoch i naisge ins an siopa sin fosda. Annsin tháinig Séamus agus an fear eile amach ar an siopa agus arsan fear eile. “Sin hata an mhaith atá agat. Níl agat le dheanamh acht a thogáil agus a rádh”. “Seo mise agus mo shean hata agus gheobhaidh tú deoch i n-aisge”. Iseadh arsa Séamas. Tá sin ceart. Labhair an fear eile annsin agus dubhairt Bhearfaidh mé deich bpunt duit ar an hata. Dubhairt Séamus nach ndeanadh sé cuír ar cor ar bith agus ba é an beireadh a bhí air go bhfuair sé deich míle bpunt ar an h-ata.
Chuaidh an fear isteach i siopa, agus scairt sé ar deoch. Fuair sé é. Tóg sé a h-ata agus dubhairt. Seo mise agus mo shean hata. Chaidé an mhaith a ndeanadh sin damhsa arsan siopadóir agus nuair nach ndioladh sé ar an deoch chuir an siopadóir isteach i bpriosún é.
Dimthigh an fear eile agus bhí neart saidhbhreas aige annsin.- Bailitheoir
- Seaghan Iosep Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Caiseal Charna, Co. Dhún na nGall