Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 169

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 169
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Aon uair amháin bhí fear agus a bhean 'na chomhnuidhe le chéile. Conall agus Neansaí an t-ainm a bhí ortha.

    Aon uair amháin bhí fear agus a bhean ‘na chomhnuidhe le chéile. Conall agus Neansaí an t-ainm a bhí ortha. Bhí siad an bhocht agus ní raibh airgead nó biadh aca. Bhí fear ‘na chomhnuidhe i naice leo darbh ainm Pádraig agus bhí sé indiaidh theacht is Meiriceá agus bhí moll mór airgead aige agus ní thabhairfead sé pighinn dó Chonall.
    Fuair Neansaí bás le ocras annsin agus ní raibh duine ar bith ag Conall acht é féin. Nuair a tháinig lá an torraimh chuir Conall agus cuid de na comharsannaí Neansaí isteach i gcomhnair agus d’iomchur siad an chomhnair síos an ród godtí an uaigh. Ag gabhail síos an ród daobhtha casadh fear ortha darbh ainm Seán agus d’innis sé dó Conall dá ndeanad sé an rud a iarrfadh seisean air go mbéadh go leor airgead aige go deireadh a lae. Annsin d’iarr Seán ar Chonall agus na comharsannaí an chomhnair a leigint anuas ar an ród agus a chur i gcéil dó na comharsannaí go raibh callán ins an chomhnair. Annsin tháinig eagla ar na comharsannaí agus chuaidh siad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seaghan Ó hEigheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall