School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 160
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann fad o shoin agus bhí ninghean amháin aige. Chuaidh sé 'un aonaigh lá amhááin le abhras a dhíol.”
Bhí fear ann fad o shoin agus bhí ningean amháin aige. Chuaidh sé ‘un aonaigh lá amháin le abhras a dhíol. Do dhíol sé oiread as go bhfuair sé fiche punt. Níor mhaith leis na fiche punt a thabhairt abhaile leis ar eagla go dtiocfadh gaduidhe air.
Thug sé do a ningean é agus d’iarr uirthí fanacht i dteach a huncal. Rinne sí sin.
Bhí dhá fhear agus cailin na chomhnuidhe sa teach seo. D’fhiafruigh fear amháin aca, cá mheid a fuair siad ar an abhrais. Fiche punt ar sise.
Chuaidh an oidhche thart go dtí am codlata. Bhí leabaidh ins an chistin agus chuaidh an dá chailin ‘na luighe inntí. Ní thiocfadh leis an cailin a raibh na fiche punt aici ní thiocfadh léithe codladh ar chor ar bith. I lár na hoidhche thainig fear do na fir isteach ‘un cistineadh agus d’amharc ar an leabaidh, agus annsin chuaidh arais go dtí a sheomra féin. Dubhairt sé leis an fhear eile go raibh sí na codladh. Bhí fainne óir ar mhéar cailin a’ toighe. Thug an cailin eile an fhainne sin agus chuir ar a mear féin í.
Le sin thainig an bheirt fhear isteach agus thug leo amhach an cailin nach raibh fainne ar a méar agus mharbhuigh í. Annsin chuir siad í in uaigh a bhí deánta aca taobh amuigh don teach.(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Coilín
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- An Mhín Bhuí, Co. Dhún na nGall