Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 154
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí beirt dearbhrathair ann aon uair amháin dar bh'ainm Mícheál agus Pádraig. Bhí an bheirt acu na chomhnuidhe ar fhéirm amháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)dóigh nach mbíodh fhíos acu. Chualaidh na comharsannaí go rabh sí marbh agus tháinig siad go dtí an fháire. Ar maidín lá ar na bharach do cuireadh í ins an roilig. An oidhche seo chuaidh an fear bocht agus Micheál sios un na roilige agus thóg siad suas an comhnáir arais agus thug siad amach an bhean.
Thug siad leo í go dtáinig siad go stábla Phádruig. Thug amach an capall agus ceangail siad an capall do bheán agus chuir an bhean na suidhe air.
Nuair a mhuscail Pádruig ar maidín chonnaic sé an bhean na suidhe ar an chapall. Rith sé isteach chuig a bhean agus d’innis sé dithe gach rud a bhfaca sé. Chuaidh sise amach agus chonnaic sí í. Annsin rith an bheirt acu anonn go teach Mhichíl agus tháinig Micheál agus an fear bocht anall. Níor innis siad daobhtha gurab iad a chur annsin í. Dubhairt an fear bocht nar chuir siad airgead ins an chomhnáir agus gurab é sin an fath a d’éirigh sí bhí fáire eile acu an oidhche sin agus maidín lá ar na bharach nuair a bhí siad ag gabhail go dtí an uaigh arais chuir n’inghean an bhean a bhí marbh céad punt isteach sa chomhnair agus gheall sí dom fear bocht go dtabharfad sí céad punt do san fosta acht gan é a leigint don bhean a bhí curtha éirigh níos mo agus dubhairt seisean nach leigeadh. An oidhche sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Choilín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Mhín Bhuí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séan O Baoighill
- Inscne
- Fireann