Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 150
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann fad ó shoin dar b'ainm do Seán Ó Seanachaín agus bhí sé na chomhnuidhe i Sraith Na Díoga le na mhnaoi Bríghid.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an corp abhaile chuig Bríghid, agus do chuireadh é i n-ainm Shéain. Tamall na dhiadh sin phos Bríghid arais. Mí na dhiaidh sin, bhí sí féin agus a fear na suibhe ag an teine oidhche amháin nuair a bhualadh an doras agus d’fhiafruigh Bríghid cé a bhí ann. Is mé féin atá ann arsa Séan, fosgladh an doras. Shíl Bhríghid gur taidhbhse a bhí ann, agus chuir sí an glas ar an doras. Thionnthuigh Séan an shiubhail o’n doras mar nach rabh fhíos aige caidé bhí contrailte. Annsin chuaidh sé go teach an tailliúra, bhuail sé ag an doras, agus d’fhiafruigh an tailliúr cé bhí ann agus dubhairt sé gur Seán Ó Seanachaín. Dubhairt an tailliúr. “Níl dadamh do do chuid agam annseo ach giota éadaigh agus cuir sé é amach faoin doras chuig Seán. D’imthigh sé annsin go teach an fhíoghadóra agus bhuail sé ag an doras. Cé tá annsin arsa an figheadóir. Is mé Seán Ó Seanachaín. Níl dadamh do do chuid agam annseo ach ceirtlín bheag snáithe agus chuir sé amach faoin doras chuig Seán é. D’imthigh Seán leis annsin go brónach agus luigh sé istoigh i sgiobál an oidhche sin. Bhí an domhnach ann an lá na dhiadh sin. Chonnaic sé na daoine uilig ag gabháil síos un Aifrain go dtí teach an phobhail a bhí ag droichead na Gcaislean. Nuair a bhí an phobail cruinn chuaidh Seán é féin síos. Acht nuair a chuaidh sé isteach thosaigh na daoine gabháil ar shuibhail uaidh. Agus mhothuigh an sagairt an truisneach agus thionntuigh sé thart on altoir agus dubhairt sé. In ainm Dé a Shéan Ó’Seanachan caidé tá cur bhuaidhreadh ort. In ainm Dé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Ó Cuirín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chuirín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall