Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 148
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad an t-am ar an ghrian. Ní rabh solus ar bith acú ar dtús ach giota giúmhaise agus bladhaire air sa teine. Cuireadh siad giota isteach sa teine nuair a thigeadh duine ar bith isteach le iad a aithne agus nuair a bheadh siad ag ithe an suipeár. Tamall na dhiaidh sin fuair siad amach an craiceann a bhaint de feaga agus annsin an laodhan a chur isteach i n-ola a thiocfadh as iasg.
“Uasc” an t-ainm a bhí air. Annsin lasadh siad na feaga le giota páipeár. Tamall na dhiaidh sin dimthigh siad agus fuair siad bocsa agus ghnidheadh siad poll sa chlár a bhí ar an bhocsa. Annsin gheibheadh siad giota sean éadaigh agus cuireadh siad é síos sa pholl agus cuireadh (sa) siad ola sa bhocsa agus d’fhágadh siad é i n-áit i dtugadh siad poll a bhaic air agus é lasta. Dealán an t-ainm a bhéarfadh siad air.- Bailitheoir
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall