Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Scéal Beag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal Beag

    Bhí fear ann aon uair amháin agus is fada o bhí. Bhí sé ag éirghe sean agus shíl sé go bpósfadh sé.

    Bhí fear ann aon uair amháin agus is fada o bhí. Bhí sé ag éirghe sean agus shíl sé go bpósfadh sé. Bhí triúr cailíní aige agus ní rabh fhios aige cé acú den triúr seo a phosfadh sé.
    Bhí sean bhean ar an bhaile agus chuaidh sé chuicí agus d’innis a sgéal díthe. Go rabh sé a bráth pósadh agus go rabh triúr cailíní aige agus nach rabh fhios aige cé acú den triúr a phosfadh sé. Dubhairt sise leis a ghabhail chuig bean acú achan oidhche agus theacht cuicí ar an ceathramhadh oidhche agus go n-innseadh sise do caide’n bhean is fearr aige.
    Chuaidh sé chuig an chéad cailín. Bhí sí na suidhe ag an teine nuair a chuaidh sé isteach. D’fhan sí annsin go rabh am codlatha ann. Annsin d’éirigh sí agus nigh sí na préataí le na cosa Chur sí na préataí ar an teine agus nuair a bhí siad bruidhte thóg sí na préataí. Dith an fear a suipear agus chuaidh sé abhaile.
    Chuaidh sé chuig an dara teach bhí an cailín na suidhe ag an teine fosta, cosamhail leis an cailín eile. Dfhan sí ag an teine go rabh am codhlatha ann. Annsin d’éirigh sí agus nigh sí na préataí le bata. Nuair a bhí na préataí réidh d’ith sé a shuipear agus chuaidh sé abhaile annsin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghóill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Eamonn O Breislin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall