Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 137
- XML “Scéal Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal Beag
“Bhí fear agus bean na gcomhnuidhe sa áit seo uair amháin. Bhí seól ag an fhear istoigh sa teach agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag figheadóracht agus muscaladh sé go h-an luath ar maidín agus bhí an fheard ar an mhnaoi leis as siocair nach dtiocfadh léithe c”
Bhí fear agus bean na gcomhnuidhe san áit seo uair amháin. Bhí seól ag an fhear istoigh san teach agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag figheadóracht agus muscaladh sé go h-an luath ar maidín agus bhí an fhearg ar an mhnaoi leis as siocair nach dtiocfadh léithe codladh. Lá amháin nuair a bhí an fear ar siubhal sa phortach bhris sí an seól ‘na ghiotaí air mar shíl sí nach rabh duine ar bith istoigh le sgéal a dheánamh uirthe. Leig gamhan búithreach sa cheann eile de’n toighe. D’anam ar sise ní bhéidh tusa i bhfad beó le sgéal a dheánamh orm. Thug sí léithe an túirnín agus mharbh sí an gamhan ar eagla go n-innseadh sé do’n fhear gur bhris sí an seól. Nuair a thainig an fear un a bhaile agus chonnaic caidé a bhí deánta aicí bhí an fhearg air agus d-imthigh sé leis ag siubhail go bhfeiceadh sé an bhfuigheadh sé aon bhean comh h-amaideach le na mhnaoi fhéin. Ní rabh sé i bhfad ag siubhail go bhfacaidh se dhá bhean. Bean acú ag gach coirneál de theach agus greim acú ar dhá bheinn de’n toighe. Thainig sé fhad leobhtha agus d’fhiafruigh daobhtha caidé bhí siad a dheánamh. Tá muid ag iarraidh an teach a thionntadh arsa bhean acú. Tá an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall