Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Tá gleann sa pharoiste seo ar a dtugtar gleann a bhaile Dhuibh agus i lár na gleanna sin tá baile beag air a dtugtar Baile Mac Fháidín.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Díoladh teach sagainne i mbun an Phobal trí h-uaire ó dfhág rinne é. Níl aonduine don triúr a cheannuigh é nar marbha an chéad oidhce a chuaidh siad na chomhnuidhe ann.
    A Phaidín na cuireadh sin eagla ar bith ortsa. Téidh agus cheannuigh é i mbarach. Ní mairbhfir thusa. Nuair a éireochas tú ar maidín imbárach cuir teine leis an caisleán agus dóigh go talamh é agus nuair a bheas sin deanta béidh na geasa. Briste ormsa agus ar mo mhac. Annsin thig liomsa agus mo mhac gabhail leatsa go mbun a phobail. Tabhair leat na ginidhe seo anois leis an teach a cheannacht agus téidh do chomhnuidhe ann.
    Rinne Paidín gach rud a h-iarradh air agus nuair a chuaidh sé isteach sa teach a cheannuigh sé i mbun a Phobail bhí seanbhean agus a mac na suidhe-ceann aca ar achan taobh den teine. Déirigh an bheirt acu agus chuir fáilte roimh Paidín. “A Phaidín” ar siad san. Tá an luthgháir orainn tú a fheiceáil sa teach seo- Do theach féin agus ar dteach sa. agus tá sé comh maith againn an oidhche seo a chaitheamh fá shuilt. Bhéarfamuid damhsa do mhuintir Bun an Phobail anocht. Tá neart bhidh agus dighe annseo.
    Tugadh cuireadh do taos óg an bhaile uilig, agus bhí an oidhche go bráth acu go dtí an meadhon oidhche. Annsin d’imthigh siad uilig abhaile acht Paidín, an seanduine, agus a mháthair. Anois ars an seanduine le Paidín, caithfidh tusa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seághan Iosep Mac Seághain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Caiseal Charna, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Proinsias O Coilín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall