Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 132
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Tá gleann sa pharoiste seo ar a dtugtar gleann a bhaile Dhuibh agus i lár na gleanna sin tá baile beag air a dtugtar Baile Mac Fháidín.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an easóig.
Shuidh sé seal tamall ag meabhrughadh ar gach rud a thárluigh, agus is é an deireadh a bhí leis gur fhág sé a theach féin agus dimthigh arais ag tarraingt ar a’ chaisleán.
Shiubhail sé leis go dtí sa deireadh bhfaca sé an caisleán fa cupla shlat uaidh. Isteach leis go dtí san caisleán agus goidé teí sé na suidhe roimhe acht an easóg. Céad failte romhat a Phaidín, ar sise agus is beag a shíl mé a Phaidín nach ndeanfá rud éiginteacht damh an chéad lá a tháinig tú annseo. Duitsa a bhí na ginidhe uilig a chonnaic tú ar an stól an lá ud, mar bhí fhios agam go ndeanfa rud maith damh an chéad lá a tháinig tú annseo. Bhal, arsa Phaidín rud ar bith a thig liomsa dheanadh duit dheanaidh mé é agus fáilte.
“A Phaidín” ars an easóg, tá sé comh maith ag amsa mo bhuaidhreadh a innse duit.
Tá mise agus mo mhac faoi geasaibh sa teach seo le trí céad bliadhain. Bhí mise agus mo mhac nar chomhnuidhe i mbun An Phobal. Bhí muid nar gcomhnuidhe i lár an bhaile mhór sin ag ceann droichid i dteach a bhí annsin.
Bhí bean pisreogach na comhnuidhe ar an bhaile sin fosta, agus bhí ingean amháin aicí. Síl sí go bpósfad mo mhac sa an ingean sin agus nuair nar phós d’oibir sí draoibheacht orainn ar mbeirt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seághan Iosep Mac Seághain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Caiseal Charna, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias O Coilín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall