Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 131
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Tá gleann sa pharoiste seo ar a dtugtar gleann a bhaile Dhuibh agus i lár na gleanna sin tá baile beag air a dtugtar Baile Mac Fháidín.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    chaisleán a bheith ní raibh teach no caisleán le feiceáil aige. Chuir seo brón mór air agus shiubhail sé leis ag tarraingt ar Bhaile Mhac Fáidín. Nuair a tháinig sé abhaile ní raibh a mháthair annsin le fáilte a chur roimhe agus fuair sé amach go raibh sí curtha suas le trí céad bliadhain. Chuaidh sé isteach ‘un toighe,Chuir síos teine beag agus suidh ag an teine ag meabhrughadh, agus buaidhreadh lair cionnus nach raibh a mháthair annsin le na sgéula innse díthe. Thuit sé na chadladh agus níor mhusgail sé go cionn trí lá. Ar an ceathramhadh lá ag musgladh dó, nuair a d’amharc sé thart bhí an easóg ceadna a chonnaic sé sa chaisleán na suidhe ag na thaobh.
    Labhair an easóg le Paidín agus dubhairt “A Phaidín, bhí eagla orm gur chailleadh thú ar do thuras agus tháinig mé rith an bhealaigh annseo, go bhfeiceann an raibh tú beo”. Téidh go Sligeach arais ar sise uair amháin eile agus go fhad leis an caisleán céadna agus theífidh tú mise annsin.
    Sul a bfága mise seo caithfidh tú gealltanas a thabhairt damh go ndeanaidh tú sin mar tá rud éiginteacht speisialta agam-sa le h-innse duit.
    Dhruid Paidín chuid súl a’ smaoituighadh tamall, agus nuair a d’fhosgaill sé iad arais ní raibh amharc le feiceáil aige ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seághan Iosep Mac Seághain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Caiseal Charna, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Proinsias O Coilín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall