Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 130

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 130

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 130
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Tá gleann sa pharoiste seo ar a dtugtar gleann a bhaile Dhuibh agus i lár na gleanna sin tá baile beag air a dtugtar Baile Mac Fháidín.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    na suidhe ag taobh na teineadh agus í ag stánadh air. Chuir seo lán a craicinn de iongantas ar Paidín. Chuaidh an easóg amach agus tháinig sí isteach arais agus ginidh in a béal léite. Léim sí suas agus agus d’fhág an ginidh ar an stól. Le sgeul fada a dheánamh goirid níor stab an easóg gur fhág sé cúig líne ar fad agus cúig líne ar leithéid agus cúig líne ar d’aimhneacht de ginidhibh ar an stól. Gann agus eile mar bhí Páidín i n-airgeab níor leag sé láimh ar an stól. Nuair a d’fhág an easóg an ghinidh deireannach ar an shuidh sí sa chlúdaigh ag stánadh ar Phaidín Chuir seo an eagla air agus shíl sé go mbfhearr do fhágailt agus d’imthigh sé amach agus as go bráth leis ag tarraingt ar an aonach. I n-áit Paidín a bheith i n-am ar an aonach bhí sé trí céad bliadhain mall. Chaith sé trí chéad bliadhain sa chaislean agus shíl sé féin nach raibh sé acht dhá uair uilig ann. Nuair a tháinig sé isteach go Sligeach ní raibh aonach no caora no dadaibh eile le feiceáil aige. Dar leis go rachadh sé abhaile go gleann a bhaile Dhuibh go bhfeiceadh sé goidé mar bhí a mhátair. Ag pilleadh dó smaoitigh sé ar an chaisleán. Bhí aithreachas air anois. nach dtug sé an tairgead leis agus dar leis go rachadh sé isteach anois agus go dtabharfadh sé an tairgeadh leis agus go mbeadh saidhbhreas go léor aige annsin. Nuair a tháinig sé fhad leis an áit ar chóir an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seághan Iosep Mac Seághain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Caiseal Charna, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Proinsias O Coilín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall