Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Tá gleann sa pharoiste seo ar a dtugtar gleann a bhaile Dhuibh agus i lár na gleanna sin tá baile beag air a dtugtar Baile Mac Fháidín.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tá aonach le bheith i Sligeach gan mhoill anois, agus sílim go rachaidh mé ann go gceannochaidh mé leath sgár caorach a changbháchas a gabhail tamall eile sinn. D’fhág Paidín slán ag a mháthair maidín roimh an aonaigh agus thosaigh sé ag siubhail ar intinn a bheith i n-am ar an aonach i Sligeach lá ar na mhárach. Bhí Paidín ag siubhail rith an lae sin agus rith na h-oidhche agus ag bánadh an lae ar na mharach bhí se comhgarach do Sligeach agus é tuirseach agus ocrach. Go tobann sul ar mhothuigh Paidín tháinig cith már fearthana agus ní raibh teach fa mhile do le fasgadh a fághail ann. Tháinig eagla air go bhfágfaidhe ar an bhealach é leis an doineann acht le sin damharc sé thart agus chonnaic sé caisleán már fá ghiota do. Chilir seo a sháith iongantais air no b’amharc an caisleán seo comh mór i súilibh Paidín agus go raibh faitcheas air dul ann, acht bhí an fhearthainn ag tuitim chomh tram sin go dtearn sé ath-smaoiteadh agus isteach leis. Bhí níos mo iongantas air nuair a chuaidh sé isteach no níor amharc an caisleán chomh h-áluinn taobh istigh agus damharc sé taobh amuigh. Bhí sean scól deigh troighthe ar [faid?] [sínte?] ar an urlár. Tháinig Paidín aníos fhad le teine bréagh a bhí ann agus sheasuigh sé agus a chúl leis an teine. Bhí sé ag amharc thart acht ní raibh beo no ceo le feiceail aige. Goidhe chonnaic sé sa deireadh acht easóg.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seághan Iosep Mac Seághain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Caiseal Charna, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Proinsias O Coilín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall