Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 126
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duine nó beathach ar bith a bhuailtear le buaichlean buidhe nach bhfásfaidh sé níor mó. Ma amharcann tú isteach i sgathán indiaidh na h-oidhche deir siad nach é do chuma fhéin a thchífeas tú ach cuma am diabháil. Deir siad da mbeadh fear a ghabháil amach a chuartughadh mná gur cheart an maide briste a chaitheamh i na dhiaidh le ádh maith a chur air. An céad lá a chluinfeas tú an cuach ag seinm deirtear má bhíonn d’aghaidh leis an roilig go mbeidh tú marbh sul a dtig an t-am sin ar an bhlian s’ugainn. Deir siad ma bhíonn an cat na shuidhe agus a chúl leis an teine gur sin comhartha gaoithe. Deir siad má bhíonn an cat ag casachtaigh gur sin comhartha éisg úir. Creideann siad da mbeitheá ghá rósfadh éisg úir agus ruball ceann acú a eirghe ar an teine gur sin comhartha ghur ghoirid go bhfuighthea tuilleadh. Deir siad nar cheart an teine a choigilt oidhche na mairbh ach gur cheart teine maith a fhágail sios leis na daoine atá marbh a suidhe ortha. Ma tuiteann aibhleog as an teine agus gan duine ar bith a ghabhail a chóir deir siad gur sin comhartha go bhfuil duine a teacht isteach agus ma throideann dhá chirc ar leac an dorais. Deir siad gur sin comhartha go bhfuil stráinsear ag teacht. Deir siad má gheibh tú iasacht salainn nó ghorm agus gan é a dhíol arais go geaithfidh tú é a dhíol indiaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seághan O hÉigheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall