Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 125
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhíonn an cat ag sgríobadh na sguaibe deir siad gur sin comhartha gaoithe. Deir siad ma chaitheann tú uisce salach ar na graosaigh go mbeidh droch ádh ort. Deir siad fosda ma sguabann tú an teach amach ar an doras indiaidh na h-oidhche go mbeidh droch ádh ort. Deirtear nar cheart duit pósadh Dia Sathairn agus deir siad gur cheart iasacht bhearaid duine eile fhagháil lá na bainse. Creideann siad nach ceart teach fáire a fhágailt gan duine a bheith leat. Ma bhíonn tú ag tabhairt bainne chuig teach eile agus gan an duine a bheith istoigh a bhfuil an bainne fá na choinne deir siad nar cheart é a thabhairt un a bhaile arais. Deir siad nuair a tuiteadh fiacla asat gur cheart é a chur isteach i n-aibhleag agus é a chaitheamh thar do ghualainn clé. Da dteighthea isteach i dteach agus iad ag bualadh maistruighadh deir siad gur cheart duit a rádh
Beannacht Dé ar an obair sin nó an lónaidh a bhuaileadh cupla [?] bomaite nó deir siad muna ndeánfa sin nach dtiocfadh im ar bith ar an bhainne. Deir siad duine nó beathach ar bith a thiocfas ar an t-saoghal Domhnach Cincíse go bhfuil marbha duine ortha. Creideann siad nach ceart coinle amháin a lasadh ar ceann eile ag fáire nó deir siad gur ghoirid go bhfuigheadh duine eile bás sa teach céadne. Deir siad ma bhíonn tú ag gabhail ar astair agus bean costarnocht a castal ort go mbeidh droch ádh ort. Deirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seághan O hÉigheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall