Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 124
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deirtear gurb é an leigheas a bhí air é a thabhairt chuig duine nach bhfacaidh a athair a ariamh [choidhche]. Deir siad teach ar bith a mbeadh seachtar mhac ann indiaidh a chéile go bhfuil leigheas an Caitbhraghad ag an duine deireannach acú. Deir siad nar cheart uisce ar bith a thabhairt isteach oidhche Nodlag bhig indiaidh luighe na gréine. Deir siad gur cheart gach comhnair a thabhairt amach ar an doras cúl. Deir siad fosda tórramh ar bith a bhíos an sgabtha ar an bhealach mhór gur ghoirid go dtigeadh tórrann eile an bealach céadna. Lá ar bith a dhóirtfidh tú shalainn deir siad go mbeidh mhí ádh ort ar feadh an láe sin. Deir siad má nighean beirt a n-aghaidh i n-uisce amháin go dtroidfidh an bheirt roimh oidhche. Deir siad duine ar bith nach itheann feól an lá indiaidh lá Nodlag nach n-glacfuidh sé an fiabhras a choidhche. Má bhriseann tú sgathan beidh droch ádh ort ar feadh seacht mbliadh-na. Deir siad má chuireann tú do chuid éadaigh ort an dóigh contrailte ar maidín go mbeidh droch ádh ort an lá sin. Má cheangalan tú bróg amháin sul a chuirfidh tú ort an bróg eile deir siad go mbeidh mallacht Colmcille ort. Deir siad má bhíonn tú ag gabhail cheoil roimh do bhricfeasta go mbeidh tú ag caoineadh roimh an oidhche. Má bhíonn an madadh ag ithe féin deir siad gur sin comhartha fearthainne agus deir siad má(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seághan O hÉigheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall