Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 123
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbeitheá ar bhainis roimh i bhfad nó go rabh litir a teacht chugat. Chreid siad da bhfeicfea cúig cinn acú go rabh airgead ag teacht chugat. Agus da bhfeicfea séisear acú go rabh ór ag teacht chugat. Chreid siad fosda rud ar bith a chuirfea tús air Dia Sathairn nach mbheadh sé críochnuigh agat a choidhche. Chreid siad fosda go dtigeann gach duine indiaidh bás fhagháil go dtigeann siad arais a chuartughadh a gcuid gruag agus cuireann siad an gruag isteach i bpoll sa chlaidhe sa dóigh go mbeadh sé furas í fhaghail arais. Chreid siad da mbualadh beirt clár a éadain i n-aghaidh a chéile agus gan sileog a chaitheamh amach ar a bhomaite go bhfásfadh adharca ortha. Da mbeitheá a ghabháil un aifrinn agus dearmad a dheánamh ar rud éigheanteacht nar chóir duit pilleadh nó go mbeadh mí ádh ort ar feadh an lá sin. Deirtear fosda nar cheart duit an teine a chur síos maidín lá Bealtaine roimh éirghe na gréine. Duine ar bith a bhéas amuigh maidín lá Bealtaine roimh éirghe na gréine deir na seandaoine go mbíonn sé baint an bainne de na ba. Ma ghní pláta tarmán ar an dreisiúr agus gan duine ar bith a ghabháil a chóir deir siad gur sin comhartha go bhfuil leitir ag teacht. Má bheireann an madadh isteach sifín ar a ruball gur sin comhartha go bhfuil stráinsear ag teacht. Deir siad, páisde ar bith a mbeadh salachar béil air(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seághan O hÉigheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall