Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 120
- XML “Arán Mhin Choirce”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seandaoine sa t-sean aimsir an t-arán sin a dhéanamh go minic fosda. Tá sé an mhaith. Ní fhacaidh mise aonduine ghó dhéanamh acht chualaidh mé ag cainnt ar an dóigh a ndeanntar é. Fuair siad sgáile agus chuir siad gráinín mhin bhuidhe ann agus fuair siad bainne reamhar agus gráinín salann annsin agus mheasc siad an bhainne reamhar agus an salann fríd an min-bhuidhe. Nuair a bhí sé réidh acha rinne siad “fardhaile” tanaidh de. Annsin nuair a bhí siad déanta aca chuir siad an roistín ar an teine agus chuir siad triúr nó ceathar de na “fardhaile” air agus nuair a bhí an taobh íochtar déanta thionntuigh siad iad agus nuair a bhí an taobh eile déanta thóg siad iad agus chuir siad tuilleadh ar an roistín agus mar sin de go raibh moll mór déanta aca agus bhí siad aca fa coinne an tae tráthnóna.
- Bailitheoir
- Seaghan Ó hEigheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall