Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)

Suíomh:
Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Caiside
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 333

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 333

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd an Rátha
  2. XML Leathanach 333
  3. XML “Eadar an Chaiseal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Eadar an Chaiseal
    Eadar an Chaiseal a’s an fháithche ar mullach Cró na Bharr
    Agus as sin go dtí Barr Míntín
    Tá an talamh ann is fearr ‘un tortha a’s ‘un gráin
    Dá bhfuightheá istigh i gclár tíre
    Tá mil ag dul le fánaidh ann, droichead é shiugra bhán
    A [bhail?] fá na lán fíon ann
    Tá tóighthe líonta ‘e cháis ann, bannóga ‘na sráitheann ann
    Duilleabhair agus bláth ann ‘sna Faoillidh
    Nach méidhreach do’n té tharlaidh ann a leithead
    Ní fhásann a’n fhéar garbh ann
    Tig deallramh na gréine ann agus soillsiughadh na spéire ann
    Coillte le h-Éadan Fairrge
    ‘Na gcúpláí bhí na gadhair, an seabhac ‘na ndiaidh
    I ngleanntain na séimh sealgáin
    Gurab é arus an chléir é gurabh Parrthas na Naomh é
    le ceolta na néan da gceileabhradh
    Ó is iomdha abhall glas gan smúid folaighiste go dlúth
    Agus coillte go h-úr ag fás ann
    Luingis teacht ‘ na chuain ‘na mbeirt agus na dtriúr
    Ag tarraingt ar shiubhal adhmaid
    Fear a’s Cúige Mumhan a d’aithris dam faoi rún
    Is é chonnaic na cúig cearna
    Nár bhfacaidh le na shúil in aon bhealach ariamh da shiubhail
    A shamhailt de chluain fhásaigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Phaidí Uí Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Sceadamán, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Sheiblin
    Inscne
    Baineann